School: Durrow
- Location:
- Durrow Demesne, Co. Offaly
- Teacher: P. Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uisge uma gcosaibh eirigheadh as a tharcuisnuighadh.Deirtear go ndeireadh Lord Norberry le linn dúiseachta dó as a mhíogharnaigh "Hang him! Hang him"" (mar ba dhual uncail dó)Maidir leis an séipéal Caitliceach agus an ceann Prodastúnach tá breacuighthe fútha rannta béarla.An méad d'aimsigheas tá sé tugtha síos annso. Ba ó Phádruig Ó Muineog fuaireas é agus níl sé in a iomlán aige agus cúpla cuaird chuige féachaint an b'féadfadh sé chuir leis b'é an dalta céadna é. Theip 'air á thabhairt chun cuimhne óir do b'fhada an lá ó ghaibh sé é nó ó chuala aoinne á ghabháil agus laguigh a mheabhrughadh air a' los a fhaillighe ann. Mhol sé dhom cuaird a thabhairt ar dhaoine go mba dhócha leis a chloisint tráth ach focal fé níor chualadar. Theip orm glan mar sin na bearnain do líonadh agus do réir deallraimh tá a rian air nach ró ghearr é mar amhrán. Is (?) a thús mar phíosa fada. Chuirfeadh a gnéithe agus a ádhbhar dán le Séamus Dall Mac Cuarta i gcéill ort. Daoine(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Muineog
- Gender
- Male
- Age
- 87
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Durrow Demesne, Co. Offaly