School: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (roll number 5186)
- Location:
- Cahersherkin, Co. Clare
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)315.
45.An té nach nólann ach uisge ní bhíonn sé ar meisge.
46.Is minic a bahineas duine slat a bhuailfear é féin.
47.An té a siubhlas bóthar fada meileann sé an mín is an gharbh.
48.Dhá chloich ar chloch agus chloc ar dhá chloich.
49.Is olc an cú nách fiú feadh a leigint air.
50.Ná bí luath chun labharta
Ná leasg chun éisteachta.
51.Ag díol meala agus ag ceannach milseán.
52.Bíonn clocha reatha gan caonach.
53.Is fusa tuitim ná eiríghe.
54."Is mór an nídh an neart"arsan dreoilín nuair do chaith sí ciaróg leis an bhfalla.
55.A sgeul féin sceul gach duine.
56.Is foisge do mhnaoi leath-sceul ná práisgín.
57.Tosach sláinte codhladh -deire sláinte osna.
58.Bean mic agus mathair céile mar a bheadh cat is luc in aghaidh a chéile.
59.Ba minic a bhris beul duine a shrón.
60.Ní thagann ciall roimh aois.
61.Is fearr éan ar lámh ná dha cheann ar thor.
62.An luibh ná fáightear is é a fhóireann.
63.Maireann an craobh ar an bhfál ach ní maireann an lamh do chur.
64.An té nach mbíonn bóltacht ar chnoc aige bíonn agus bíonn suaimhneas ar sop aige.
65.Is túisge deoch na sgeul.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Orgáin
- Gender
- Female
- Informant
- Cáit Bean Uí Chonóil
- Gender
- Female
- Address
- Cahersherkin, Co. Clare
- Informant
- Pádraig Ó hOrgáin
- Gender
- Male