School: Baile an Gharrdha (B.) (roll number 13210)

Location:
Ballingarry, Co. Tipperary
Teacher:
Tomás Lotrail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0563, Page 131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0563, Page 131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Gharrdha (B.)
  2. XML Page 131
  3. XML “Na Bruíontóirí - The Faction Fighters”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Na Bruidheantóirí" (The Faction Fighters)

    Carabhat agus Sean-Bheist

    Tá caoga bliain ann anois ó bhí an dá dhream sin i gcoinnibh a chéile agus go nimhneach is oth liom a radh i mBaile an Gharrdha.
    "Carabhat tugadh ar dhream acu agus "Sean-Bheist" ar an dream eile agus bhí "port" speisialta a spreagaidís nuair chasaidís ar a chéile.
    Bhíodh aonac i mBaile an Gharrdha an uair úd agus ní théigheadh feirmeóir ar an aonach gan bata droighin nó bunán n-a ghlaic. Bhí biotáile saor an t-am sin agus nuair bhíodh na bruidheantóirí ar meisge nó maith go leór d'éirigheadh an troid eatorra.
    An t-Athair Pilib Mach Gearailt an sagart paróiste bhí i mBaile an Gharrdha le na linn agus théigheadh sé ar an aonach i ndeire an lae agus thógadh sé na bataí uatha. Bhí seomra 'na thigh agus "seomra na mBunán" a tugadh air toisg an lín bataí a bhailigh sé. Sar a théigheadh sé abhaile chuireadh sé an ruaig ar na bruidheantóirí.

    Seo iad cuid des na daoine a ghaibh páirt sna bruidheanta:
    Ó Meachair, Corcráin, Ó Brian, Cróchach, Fox. (Sionnach)
    Do buaileadh Seóirse Ó Meachair sa cheann le bata droighin i mbruidhean éigin agus briseadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. factions (~230)
    Language
    Irish