School: Baile an Gharrdha (B.) (roll number 13210)

Location:
Ballingarry, Co. Tipperary
Teacher:
Tomás Lotrail
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0563, Page 127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0563, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Gharrdha (B.)
  2. XML Page 127
  3. XML “Caisleáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (I)
    Tá caisleán i bhFEARANN RUAIDHRÍ: Caisleán cruinn ciorclac : naoi dtroighthe ar raimhre agus timcheall fiche troigh ar aoirde
    trí úrláir bhí ann dhá úrlár adhmaid agus úrlár cloiche. Tá an ceann deireannach ann fós ach tá an céad agus an dara urlár imthighthe le fada. Le cloc aoil a tógadh é. Ba le Fainín é. Bhí trí caisleáin ag an taoiseach seo - ceann acu in-aice Baile an Gharrdha agus ceann eile ag an crosaire i Mágh Thobair. Níl a lorg ann anois ach an láthair.

    (II)
    Tá caisleán eile i gCÚL na COILLE ar taobh an chnuic. Caisleán cearnógach is eadh é, ceithre urláir bhí ann. Fágadh dhá úrlár cloiche ach táid an dá úrlár adhmaid imthighthe: Tá sé dachad troigh ar aoirde agus na fallaí cúig troighthe go leith ar raimhre. Tá móta i lár na páirce comhgharach don chaisleán sé troighthe déag ar aoirde.

    (III)
    Cídthear caisleán cómh-chruinn soir ó sean reilg i gCRUACHÁN. Fotharach is ead é timcheall fiche troigh ar aoirde. Táid na fallaí naoi dtroighthe ar raimhre.

    Bhí caisleán mór ag Cúl Cuill
    Chomhnuigh Counsellor Gahan ann
    Do phós sé Inghean Joly (Jolly) Fiodh Árd
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish