Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Suíomh:
Skibbereen, Co. Cork
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Leathanach 247
  3. XML “Dó na Coille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nú ag iúmpar málaí leathair
    Agus gan gnó aige 'na mhaor
    Thug sé bliain dá faire
    Bhí súil aige le rachmus
    Ach cuirfar a cheann ar spara
    Agus cáithfar leis na p'léír
    Mar gheall ar an bpráta ngarbh
    Do sciob an mac ón athair
    Siúd í an choill ar lasa
    Agus do gháireadar go léir.

    (Deir Pádraig Ó Conail Oide Gaedhilge, Midhe-Ros liom nach í Coill Loch Adhain do loisceadh ach Coill Rátha a Bharraig (Castlefreke - taobh thoir de Ros ó gCairbre)
    A gcualaidh éinne á maireann
    A leithéid de scannra creachta
    Coill an Tiarna ar lasa
    Bhí fé bhláth ag an maor
    Mar gheall ar phráta garbh
    Do sciob an mac ón athair
    Siúd í an choill ar lasa
    Agus do liúghadar araon
    Nuair tháínig an chuach abhaile
    Thuit sí i mbrón a's i mairg
    Nuair a fuair sí gur lasadh
    An choill fhág sí fí réím
    Dubhairt an t-éinín caoinleachta a' freagairt
    Ná labram di a's ná garam
    Ach triallaimís abhaile
    Go h-árus na n-éan
    Bhí cumha mór brón - a's mairg
    Ar Thiarna Ráth a Bharraig
    Nuair fuair sé gur cailleadh an fheárnóg s an déíl
    An beech a a bhí na seasamh
    Go díreach áluinn fada
    A's gach crann breagh den daraig
    Bhí ag fás len a taobh
    Do thugadar na beachaig
    A malalcht ar h-annrí Peanair
    Do dhóigh ortha a gcuid meala
    Bhí i mbróntaibh sa bhfraoch
    Níor thaiside é don lachain
    A's an giré do bhí na leabaig
    Siúd comhartha air len a Shaoghal
    (P O'C)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Conail
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Myross, Co. Cork
    Bailitheoir
    Súsán Ní Chárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Drisceoil
    Inscne
    Fireann