School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)
- Location:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
- Teacher: Neans Ní Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Page 347
- XML “Peil agus <span class="exact"><span class="token">Iománaíocht</span></span>”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San mbliadhain 1887 bhíodh peile dá imirt sa pharóiste seo i dtrí áit, sé sin go mbíod comhthalán gach Domhnac agus lá Saoirse ins na trí baill seo agus fir óga an cheanntair ag imirt peile ann. San am san bhí an G.A.A. ar siubhal ar fuaid na h-Éireann, agus riaghlaca leagtha amach acu cun peile agus iománuidheacht d'imirt. Cun dul isteach féin mbuidhean do chaithfead gach paróíste craobh den conartha so bheith acu, agus deich sgilinge sa mbliadhan a dhíol leis an árd craobh. Annsan do thógfad an t-árd craobh na craobhaca d'imreócad a gcoinnibh a chéile.San mbliadhain 1889 d'imir an craobh so, agus craobh Baile-na-gCroidhe báire i bpáirc le thais Magchromtha. Duine agus fiche bhí ar gach taobh. Ba mó an taithighe a bhí ag muintir Baile-na-gCroidhe ná buachaillí an bhaill seo ach dob fhearr an misneach a bhí ag muintir Cill-na-Martra. Núair a tháinig an t-am cun tosnú do chaith an fear cirte an liathróid isteach, agus seo ar siubhal an báire go tapaid fiachmhar dian ó taobh taobh na páirce. Níor túisge soir an liathróid ná siar airís é. Do lean an imirt go dian ar fadh deich neomataí gan buadh ag aoinne seachus a chéile. Bhí an imirt anois(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Chróinín
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Cathair Daithí, Co. Cork