School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)failthe ann roimis agus bhí sé annsan go meádhon oidhche is tháinig rábaire isteach le dá chaoíre. D'admhuig se do Sheán gurb amhlaidh a ghoid sé na caoíre agus nách raibh aon slíghe bheatha aige chun an lanamha aosda a beathú ach ag goid. Bhuail galara bhais an fhear aosda agus bhí an beitheamhnach ag imtheacht fé dhéin an t-shagairt chun na h-Ola a chur air ach dúbhairt Seán Bráthair go ndéanfhadh sé féin an gnó. Bhuail galar leis ar an mnaoí is bhíodar araon marbh ar maidin.
D fhág sé annsan iad agus bhí sé ag cur de go dtí an tráthnóna lá na mháireach. Bhuail scata garsún leis ag bailiú caorach. Dubhairt garsún leis an ngarsún eile go raibh an caoire i nGort a' Cruadha. D'imthigh an garsún fe dhéin na caorach agus lean Seán é. Shín sé amach an teampuill ar an méid sin péirse ar fhaid is leithead agus bhí an teampuill deunta aige tréis na h-oidhche.- Informant
- Seán Ua Donnachadha
- Gender
- Male
- Address
- Cloonkeen, Co. Kerry