Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 019
- XML “Scéal”
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear a bhí ann fado is dréir deallramh ní ró mhaith a réidhtig sé is a bhean le chéile. Lá amháin pé rud d'eirig eatortha mheas an fear an bhean a dhíbirt chun siúbhail is dúbhairt
"Gach a ghoirm don bheatha caitheann tú féin
is ólann tú sochar na macaig go léir
D'á chríonacht mó mhathair do bhfheárr liom chun críche í
Is imthig uaim láithreach no tráchtadh mé ar gníomh ort."Freagra na Mná
"A fhearaire an t-uanris agus a h-uanfhir nár chuímnig,
Go gcuirfeása uait mé chómh suarach is do shílis
Cuir brat ar mo ghualainn agus fuaimeat[?] chun slíghe orm
Agus ní iarrad mar dhualghas ach a bhfuaras ó'm mhúintir."- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- "An bhean thar lear bíonn aici saidhbhreas úr,
An bhean tar lear bíonn aici taibhse is púnt,
An bhean thar lear ná glac gan radharc do shúl
mar na ba tar lear is fada a n-adharca súd"(leanann ar an chéad leathanach eile)