School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé cínn atá ar aon stampa amháin agus níl aon dheifríocht idir aon dá lá acu san chun aon nídh a cheapfá a dheunamh agus an seachtmhadh ubh dath an óír." "Cad é an bhrígh a bhaineann tú asta san" arsan duine uasal. "ní fhéadhfhainn a rádh" ar seisean. "Cuir isteach anois iad ar seisean agus do chuir.
Ag iompáil amach do ní raibh aon thuairisg ar an nduine uasall, agus bhí Seán ag cur de in aonar annsan tré thalmh mór fhásaidh. Tháinig sé ar thig a bhí ar thaobh an bhóthair agus tigh leanna a dhíol a beadh é. Thug sé fé ndearra an bhean a bhí ag líonadh na gloiní agus nuair a doirteadh aon bhraon bhíodh sí ag sileadh na ndeór. D fhiafhruig sé di an fáth go raibh sí ag sileadh na ndeór agus dubhairt sí ná bhfeaca sí aon bhraon riamh ag scéith ná go gcuímhneóchadh sí ar fhuil ár Slánuightheóra do doirteadh. Dúbhairt sé leis féinig annsan "dob í seo an bheann leanna a dhíol a bhí in Oileán na h-Éireann gurb fheárr a slíghe chun Dé ná mo shlíghse féin."
D fhag sé annsan í agus bhí ag cur de go dtáinig dall is deirneannaighe na h-oidhche air. Tháinig sé go h-imeall coille agus chonnaic sé soluisín caol uaidh isteach sa chóill agus d'imthigh sé fé na dhéin, agus is amhlaidh a bhí tig annsan ag lanamha críondha, caithte istigh ann. Thuigh se uatha go raibh(continues on next page)- Informant
- Seán Ua Donnachadha
- Gender
- Male
- Address
- Cloonkeen, Co. Kerry