School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 084
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bean a bhí ann agus bhí mac aici. Bhí sé le pósadh ach níor iarr sé a mháthair in aon chor chun a' phósadh. Ní raibh sí galánta a dhóithin ach tháinig chun an posadh gan iarraidh. Níor chuir sé aon t-shuim innte agus níor leig sé air gur connaic sé í in aonchor. Seo mar adúbhairt sí leis.
"Dia agus Muire dhuit a chumainn is a chulaig,
No an b'feiceann tú mise annso im chureadh gan iarraidh,
Is mo bhraon mhilis a thugas óm' chliabh duit,
Agus an oidhche rugadh tu d'fhuilingheas pian duit." - Bhí beirt spealadóirí ag baint féir do fheirmeóir ar a bpágh agus bhí ar an bhfeirmeóir iad do chothúghadh. Bhí sé de nós an uair sin go n-oibrídís roimh an breicfeasta. Nuair a ghlaodhadh ortha chun an breicfeasta sé an breicfeasta a fuaireadar ná gruth agus meidhg. Ní rabhadar sásta in aon chor le seo agus chuir sé fearg ortha. Chuadar amach ag baint arís agus sé an rud adubhairt duine acu leis an duine eile
"Más gruth is meidhg ár bpágh
Bargadh is béarnadh ar an dté nár fógadh
An chuid ab fheárr fé thíar Dé"