School: Cill na dTor, Dún Mánmhaí (roll number 16254)
- Location:
- Kilnadur, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)maith a chuimhnigham ar aon sgeul amháin a innis sí dom. Ceapaim dá mhairinnn go deó go gcuimhneóchainn air.
Dubhairt sí go raibh sí aon oidhche amháin i dtig a h-uncal agus bhí sé a dhó dhéag a chlog sar ar thosnuig sí ar theacht abhaile. Bhí a thig timceall trí mhíle ó na tig agus bhí uirthi siubhal agus ní raibh aoinnne i n-aoinfeacht leí. Ní raibh aon rothar ann an uair sin. Ní raibh aon sgrannradh uithi agus níor cheap sí ar na taidhbisíbh i n-aon chor. Bhí sí ag siubhal tamaillín agus cheap sí gur airig sí duine éigin ag gol i na diaidh. D'fheuch sí 'na timcheall ach ní raibh aoinne ann. Níor chuir sí aon tsuim ann ach d'airig sí an gol ós árd arís agus cheap sí go raibh sé ós a comhair. Do lean sé mar sin agus cheap sí ná sroisfeadh sí a baile go deó. Bhí a cuid gruaig i na seasamh ar a ceann leis an sgrannradh. Do leanadh an ghol í go dtí go dtáinig sí go dtí doras a tighe. Annsan d'imthig sé.
Chuaidh sí isteach agus chuaidh sí sa leabaidh chómh mear agus a bfhéidir leí. Ní dubhairt sí focal le h-aoinne(continues on next page)- Collector
- Caitlin Nic Oitir
- Gender
- Female
- Address
- Kilnadur, Co. Cork