Scoil: Barrachadhbhile, An Sciobairín
- Suíomh:
- Bauravilla, Co. Cork
- Múinteoir: Diarmuid Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thar an gceart acha. Lá dá raibh Mícéal ag cur de mar sin do sheasaimh an stíobhard ó's a cómhair amach. Dob' fhada leis a fhaid a bhí na fir díomhaoin. "A Mister Sullivan" ar seisean "ná fuil deire ráite fós agat."
"A Mister Donovan" arsa Mícéal, "dá mhéid atá ráite tá tuille gan rádh fós." Pléar beag d'fhear é tímcheall cúig troighthe 7 secht n-órlái ar soirde. É teagartha láidir. Do caitheadh sé mórán dó aimsir i dteannta na mbreacairí (múinntir Chonaolaig) i mbaile Ruaidhrá. Bhí árd mheas ig an seanbhreacaire air. Oidhce d'á raibh an sean-bhreachaire agus an sagart agus duine nó beirt eile ag sgrúdú léighinn d'eirig ceist eigin do cuir i bpúnch íad. Sa phárlús a bhíodar san agus bhí Míchéal ag ithe a shúipéir sa chistin. "Bhíod geall" arsa an brechaire "go mbeadh réidhteach na ceiste sin ag an bhfear san amuigh annsan." Do glaodhadh isteach air. Cuireadh an cheist fé na brághaidh. Dhein sé a mhachtnamh tamal. Annsan do labhair sé go stuama, réid, mall. Bhí réidtheach na faidhbe aige. Bhí iongna ar na h-uaisle eile a rádh go réuteócadh sclábuidhe bocht fhadhb do theip ortha féin. Ní raibh aon iongnad ar an mbreacaire ámhthaigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Siúliobháin
- Inscne
- Baineann