Scoil: Clochar na Trócaire, Maghcromtha (uimhir rolla 10047)
- Suíomh:
- Macroom, Co. Cork
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beagán síos Uaithi ar A ciotach acht sgatha fear agus iad ag cur síl. Chuaidh Sí síos chuca. Do chuir sí "Bail ó Dhia" ar a gcuid oibre agus d'impigh ortha as ucht Dé dhá dtagadh saighdiúirí ar bith thart agus dá gceistnighidís iad "An bhfacadar bean agus leanbh ag dul thart?" gan a rádh leo acht "go ndeacha bean agus leanbh thart nuair a bhíodar ag chur an arbhair."
Do rinne na fir iongantas mór dí acht ghealladar mar sin féin go ndéandaidís rud uirri. D'imthigh Sí léi - í féin agus A Leanbh - trasna an ghuirt. Ní raibh sí acht taobh thall de'n ghort nuair thosnuigh an t-arbhar ag fás. Do bhí sé in a gheamhar ar an bpuinnte agus ní raibh dhá mhóiméad caithte go raibh sé chomh hárd is bhéadh sé amach i ndeire an Iuil, gur apuigh sé ar an mball ós comhair súl an bhfear - rud a chuir iongantas an-mhór amach is amach ortha :- "Míorbhuilt é!" adubhradar, "agus is fearr a bhaint ar an bpuinnte."
Ní raibh a dtighthe ibhfad uatha - dhá theach a bhí ar an taoibh thall de'n ghort. Do chuaidh beirt acu ar luathas igcoinne a gcuid corrán go mbainidís é. Dheifrigheadar ar ais agus ní raibh fiche punnan bainte acu nuair do b'sheo anuas chuca na saighdiuirí agus fuadar fútha:- "Ní fheicfeadh sibh bean agus leanbh ag dul thart annseo am ar bith?" adubhairt an caiptín.(leanann ar an chéad leathanach eile)