Scoil: Leaca Riabhach, Maghcromtha (uimhir rolla 9243)

Suíomh:
Lackareagh, Co. Cork
Múinteoir:
Máiréad de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0340, Leathanach 065

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0340, Leathanach 065

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leaca Riabhach, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 065
  3. XML “Caoineadh Nell Ní Mhurchada”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mo chroidhe thú is mo chumann
    Is nuair a tagadh an sneachta geal go hursain,
    'Gus an bhaintreabhach bhoct is a leinbh,
    D'eirightheá féin ó'n dteine
    Is do churthá iad na suidhe idionad
    Go dtrághadh an saol sa tuille,
    Is go n-imithigheadh an fuacht is an cuisne,
    Is go ndeineadh an grian a noctadh,
    Is go lonnradh sí go hárd ar cnocaibh,
    Is ar bhruach na Banndan gile
    Gur geall le fíon a h-uisge
    Is gurab é an díol diarrtha féin in ionad,
    Ná beannacht Dé 'gus Muire
    'Gus na baintrighe is a leinbh
    Is dá mbeadh mo shúile déanta de ghlaine
    Nó croidhe na sgeiche gile,
    Nó iarran cruadh na gcruidhce
    Nó de adhmad cruaidh na coille
    Id' dhiaidh do bheinn ag sileadh
    Ó beannact Dé 'gus Muire
    Ar d'anam bláth na coille.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge