School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)
- Location:
- Céim an Fhia, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leis go raibh a mhuinntir féin agus muinntir Loingsig ag gabháil ar a chéile i rith a saoghail. "Dá n-oireadh dromach treabhtha nó cuing do dhuine againn lár na mháireach do raghadh sé chun an duine eile ghá iarraidh agus gheobhadh sé," adubhairt sé. "Is cuma dhuit-se mar a gcuirfead id' choinnibh iad. Níor iarradh orm é ach má iarrann na Loingsigh congnamh orm raghaimíd ag triall ortha". Níor iarr Dómhnall Ó Loingsigh aon fhear air agus níor chuir sé ann iad. Bhí dhá ceann na bruighne ag cainnt le chéile ar an mbóthar agus ag déanamh síothchána bhíodar. D'iompuig an fear ceannais a bhí ar mhuinntir Loingsigh ar a shluagh féin agus labhair mar seo, "Téidhighidh go léir abhaile, i n-Ainm Dé mar tá síothcháin déanta". Ní raibh an focal as a bhéal nuair a labhair duine de mhuinntir Loingsigh go raibh mianach na bruighne go smior ann agus dubhairt, "Tá mar déanfamne féin síothcháin dúinn féin". Leis sin do léim sé agus do bhuail sé an chéad buille ar Shéan Ó Suibhne. As san tiocfas, b'fhiú gach aoinne bualadh annsan. Do leanadar uair nó uair go leith ar an ráta san go dtí gur buadhadh go tréan ar Mhuinntir Shuibhne. Sé an méid a bhí dá bharr aca gur cuireadh sa phríosún gach taobh. Bhascadar agus leath-mharbhuigheadar a chéile agus bhí a lán aca fé chúram an dochtúra ar feadh tamaill mhaith.
- Informant
- Pádraig Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Address
- Gort Luachra, Co. Cork