Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)

Suíomh:
Céim an Fhia, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 022

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 022

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
  2. XML Leathanach 022
  3. XML “Bruíon Comórtais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leis go raibh a mhuinntir féin agus muinntir Loingsig ag gabháil ar a chéile i rith a saoghail. "Dá n-oireadh dromach treabhtha nó cuing do dhuine againn lár na mháireach do raghadh sé chun an duine eile ghá iarraidh agus gheobhadh sé," adubhairt sé. "Is cuma dhuit-se mar a gcuirfead id' choinnibh iad. Níor iarradh orm é ach má iarrann na Loingsigh congnamh orm raghaimíd ag triall ortha". Níor iarr Dómhnall Ó Loingsigh aon fhear air agus níor chuir sé ann iad. Bhí dhá ceann na bruighne ag cainnt le chéile ar an mbóthar agus ag déanamh síothchána bhíodar. D'iompuig an fear ceannais a bhí ar mhuinntir Loingsigh ar a shluagh féin agus labhair mar seo, "Téidhighidh go léir abhaile, i n-Ainm Dé mar tá síothcháin déanta". Ní raibh an focal as a bhéal nuair a labhair duine de mhuinntir Loingsigh go raibh mianach na bruighne go smior ann agus dubhairt, "Tá mar déanfamne féin síothcháin dúinn féin". Leis sin do léim sé agus do bhuail sé an chéad buille ar Shéan Ó Suibhne. As san tiocfas, b'fhiú gach aoinne bualadh annsan. Do leanadar uair nó uair go leith ar an ráta san go dtí gur buadhadh go tréan ar Mhuinntir Shuibhne. Sé an méid a bhí dá bharr aca gur cuireadh sa phríosún gach taobh. Bhascadar agus leath-mharbhuigheadar a chéile agus bhí a lán aca fé chúram an dochtúra ar feadh tamaill mhaith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort Luachra, Co. Chorcaí