School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 077
- XML “Scéal - Rí na bPúcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a chuaidh sé isteach go tig na púcaí do thugadar míle fáilthe do agus dubhairt an rígh "téighir suas cois na teine agus bí ag amhrán i gcás go piocfhaimíd suas uait é.
Geárr go raibh mórán fillidheacht ag an rígh agus tar éis trí seachtmhaine do leagaedar abhaile é agus do thugadar dhá dorn lán do airgid geal do.
Nuair a chuaidh sé abhaile do bhí ana áthas ar a mháthair. Tar éis tamall do taisbeán sé an airgead geal di agus do dhein sé an bhéarsa seo:-
A mháthair, a mháthair dubhairt leat go d'tiocfhad,
Is mo phóca lán do airgead geal duit.
Seo dhuit anois é agus imtheocfhadh airís.
Do thóg an máthair an t-airgead agus d'imthig sé go dtí na púcaí agus do cuireadh sé a airgead go dtí a mháthair gach mí.