Bhí buachaill ann uair amháin agus bhí sé ag teacht abhaile ó bheith ag sgoruideacht agus do chonnaic sé rud éigin i bfuirm púca agus ní raibh púinn eagla air agus bhí an rud i bfhuirm púca ag déanamh isteach air agus bhí a láimh chun beireadh air agus do ghlaoidh an coileach agus b'eadh mar a shlogac an talamh é d'imthig sé agus ni fheaca aoinne a thuille é. Bhí a driteáir beag sa bhaile agus ní raibh sé na codlad in-aon-chor agus dubhairt an buachaill. Tá mo pháiste gan athair Gan fuithin gan fuasgailt, Agus seó leó, leó, leóla, Mo buachaillín beag dochta.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »