School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann uair agus do bhí sé pósta agus do bhí dhá mac acu. Nuair a bhí an mac ag fás suas do bhí sé ana cheannamail ar an dtobach.
Lá amháin do chuaidh sé amach ag obair go feirmeóir éigin agus do bhí sé ag ól tobach ar feadh an lae. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do bhí sé ana dheanac san oidhche do chonnaic sé teine i bpáirc éigin agus ní raibh aon lasán aige chun a píopa do lasadh.
Do chuaidh sé isteach go dtí an teine agus nuair a bhí se díreach thar an claidhe do múcadh an teine agus do tháinig sé amach airís agus nuair a bhí sé amuic do bhí an teine ar lasadh istig.
Do chuaidh sé isteach airís ach má chuaidh do múcadh an teine airís agus nuair a tháinig sé amach níor fhéad sé siúbhal a thuille agus do chuir buachaill isteach i dtrucaill é agus do thug sé leis abhaile é.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Dhonnabháin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork
- Informant
- Pádruig Ó Céilleachair
- Gender
- Male
- Age
- 32
- Address
- An Cheapach Thiar, Co. Cork