School: Carraig an Ime (roll number 4457)
- Location:
- Carriganimmy, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Luasa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do réir gach dheallraimh, agus gach tuairisc dhá bhfuil againn ó'n nglúin a tháinig rómhainn ní raibh Cluan Droichead riamh gan fir maithe. Ní fulair nó is ar beatadh an bhaill a bhí sé, nó a lan dhe, pé ar dhomhan é. Bhí dúil a gcroidhe i gcómhnuidhe riamh acú, bheith ag imirt liathróide coise, agus tá an dhúil ceadhna ag an dtreibh atá anois féin ann sa cluiche cheadhna. Uair éigin, abhfad ó shin, bhí fuireann acú ag imirt liathróide lé fuireann ó Thuath na Dhroman. Do bhuaidh muinntir Cluan Droichead, agus do rainig do fhile bheith láithreach, duine abeadh é gurbh oth leis nárbh iad muinntir Thuath na Dhroman a bhuaidh. Do theip air bhrughadh fé ar aon chuma, agus nuair a labhair sé, seo mar dubhairt sé - "A uaisle Tuath na Dhroman, do fuarabhair náire, Gurb iad bhodhaighe ocracha Cluana Droichead a bhuaidh an bháire." Do dheallróchadh an sgéal go raibh iarraichtín eigin de crot uaisleachta lé feiscint í bhfuireann(continues on next page)