School: Meall an tSrutháin (roll number 2117)
- Location:
- Maulatrahane, Co. Cork
- Teacher: Dll. Ó Luasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Meall an tSrutháin
- XML Page 062
- XML “Caoine ar Sheán Mór Ó Meitheagáin ó Pharóiste na hArda”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- A Sheóin ghil, is brónach mo chás-sa,
Chó luath san t'imeacht ar do shligh;
As Bóithrín an Fhearainn 's do cháirde,
'Na sluaightibh go cráidhte let thaoibh.Do bhídís na daoine ingrádh leat,
Mar dhóibh sin do dheiná-sa gníomh
Ní fhantá it leabaidh is gábha leat
Chun fóirint ar fhear nó beithidheach.Tá láidir! tu sé troighthe in áirde
'S ba ghalanta bhí t'éadan 's do ghnaoi
Ní raibh i bParóisde geal Árda,
Fear grádhmhar dob fhearr ceann ná croidhe.Mo rún geal! lem' thaobh-sa mar pháisde
Ag imirt, ag rás nó ag léim;
Go lúthmhar go tréan ins an gháirdín
Níor dheinis éagcóir ach ort féin.Ar lán-gil na maidne nuair tháinis
Am bualadh, ba thuar dom, nár bhínn;
A dhriotháir! ó chaillis do shláinte,
Níl ach uaigneas 's crádhteacht am chroidhe.