School: Meall an tSrutháin (roll number 2117)

Location:
Maulatrahane, Co. Cork
Teacher:
Dll. Ó Luasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0299, Page 144

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0299, Page 144

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Meall an tSrutháin
  2. XML Page 144
  3. XML (no title)
  4. XML “Saibhreas i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Do dhéanfainn rómhar is grasa leis, ...

    X
    Do dhéanfainn rómhar is grasa leis, nú an bád a cur ingle
    Nú an mhóin a bhaint le ceatharar amuig i lár an t-sleibhe
    Díolfainn coróin i dtig an tábhairne is ní-mo lom ná leacth phinginn
    Mar tá ór go leór i dtaisce 'gam más gádh dúinn é
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Is ar éigin atá ceanntar in Éirinn na bhfuil cúntais le fághail ann i dtaobh saidhbhreas éigin ata i bhfolach ann. Ta a leitheád sin d'áit comhgarach d'ár sgoilae. Ar Chnoc an Chuilleanaigh i bParóiste an Scibrín atá sé agus Pluais an Ghaduidhe an t-ainm a tugtar ar an áit go dtí an lá atá indiu ann. Do réir an t-seachais do bhíodh an Gaduidhe mór in a chómhnuidhe san bPluais san in allód agus bhíodh sé ag Dún - mharbhughadh is ag goid na ndaoine nuair do bhídis ag teacht abhaile ó Chorcaig taréis a gcuid ime a dhíol ann. Do chaitheadh sé na daoine bochta a mharbhuigheadh sé isteach san Dubh-Loch agus chuireadh se an t-ór is an saidhbhreas a ghoideadh sé i bhfolach fe thalamh san gcnoc. Sa deire do gabhadh é agus nuair daoradh chun a chrochta é i gCorcaigh D'fhiafruigh sé de'n chúirt an raibh aoinne ó Chuilleanach i láthair. "Má tá," ar seisean, "abair leis go bhfuil buatais
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Choileáin
    Gender
    Female