School: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar marbuigheann siad an dreoilín an lá san agus gheibheann siad tor chuilinn agus chuireann siad an dreoilín ar an dtor. Annsan gheibhinn siad ribíní páipéir de gach dath agus cuireann siad ar an dtor chun é do mhaisiú. Annsan chuireann siad éadaighe éagsamhla ortha féin agus deineann siad a n-aighthe do dhathú.
Fadó san dúthaigh séo do bhíodh gléas ceoil de gach tsaghas ag buachaillí an dreoilín, cur i gcás :- Consertína, orgán béil, ceaintín stáin agus uaireannta sáspáin agus do bhíodh siad a mbhualadh le chéile chun “drum” do dhéanamh ach ní bhíodh anois aca ach orgán béil.
Nuair a bhíonn siad ullamh roineann siad in a ngasraí agus tugann siad cuaird ar gach tigh sa pharóiste. Téigheann siad isteach sa chistin agus deineann siad gréas ceoil agus babhta rinnce do mhuinntir an tighe agus tugann siad san airgead dóibh.
Caitheann siad an lá mar sin ag dul mór-tímcheall an pharóiste ó thigh go tigh ag bailiú airgid do’n dreoilín mar dheadh.
Nuair a bhíonn an lá caithte aca ceannuigheann siad biadh agus deoch leis an airgead a bhailigheann siad agus bíonn fleadh agus(continues on next page)- Collector
- Nora Ní Airthnéadaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Bean Uí Áirthnéadaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 60