School: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0298, Page 035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire (Convent of Mercy)
  2. XML Page 035
  3. XML “Roinnt Piseog”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) Comhartha maith 'seadh é páiste bheith ag gol 'san t-seipéal mar bíonn an ruaig curtha ar an sprid ag uisge na báistighe.

    2) Ní ceart lámha leinbh do feadh tréimhse áirithe i dtreo is go gcnuasóchadh sé saidhbrias 'na dhiaidh.

    3) Ní ceart na h-ingne do ghearradh go ceann bliadhna cun ná béadh sé 'na ghaduidhe.

    4) Ba cheart páiste a thabhairt in-áirde staighre, nó dréimre sar a dtugtar amach é do'n céad uair.

    5) Nuair a luasctar cliabhán follamh tugann sé bás.

    6) Ní ceart beirt bheith ag luasgadh an cliabhán céadna.

    7) Ba cheart an tlú a cur treasna béal an chliabháin nuair a bhíonn an duine ag dul amach. Tárán - sprid leinbh gan baiseadh a bhíonn ag síor gluaiseacht tríd an aer ag olagán.

    COMHARTHAÍ BÁIS
    1) Cairt an dhuine mairbh bheith ar de lámhaibh.
    2) Braon fola a tuitim ó frathacha an tighe.
    3) An coileach ag glaodhach ar an leath-doras.
    4) An cnag breach timcheall an tíghe.
    5) An Spideóg timcheall an tíghe.
    6) Taidhreamh na súile oscailte.
    7) An Domhnall Dubh a bheith ós cionn baile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Grainne Nic Gearailt
    Gender
    Female
    Address
    Skibbereen, Co. Cork
    Informant
    Micheál Ó Mainnín
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Kerry