School: Imleach Droighneach (roll number 14085)
- Location:
- Imleach Draighneach, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Imleach Droighneach
- XML Page 322
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear na cómhnaidhe ar an gCuireann fadó gur b'ainm dó Sinicín Conmhuidhe.”
Bhí fear na chómhnaidhe ar an gCuireann fadó gur b'ainm do Sinicín Conmhuidhe. Duine uasal a beadh é. Bhí buachaill aimsire aige gur b'ainm do Stiophán Ó Séaghdha.Na laothanta gairid a bhí ann tharéis na Nodhlag agus tráthnóna deanach timcheall a cúig a chlog dubhairt sé leis an mbuachaill an capall a ghléasadh gur theastuigh uaidh dul sa chathair.Dhein an buachaill mar a dubhairt sé agus d'imtigeadar leó agus chuadar sa chathair. Ansan féid an oidhche ar cheathanna sneachtaidh anoir-dtuaid agus ansan bhí sé taréis an dá uair déag san oidhce an uair sin. Sé an áit a bhíodar sa t-sráid a dtig na Rocairdí.Do tháinig Sinicin amach as an seomra agus dubhairt sé leis an mbuachaill aimsire mála mine do chaitheamh amach sa trucaill agus tiomáint leis abhaile ná racad sé féin abhaile go lá. Do dhein sé mar adubhairt sé leis agus thiomáin sé leis abhaile.Bhí sé ag chuir de go dtáinig sé amach go áit go dtugtai "Tig an Miscreas" air agus tháinig cith mór sneachtaidh agus chaith sé an capall do chasadh ar an mbóthar ón gcith.Nuair a bhí an cith imthighthe d'iompuig se an capall a h-agaidh abhaile agus is amlaidh a bhí bhean na suidhe ar scáth cois an chlaidhe agus bun dá clóca ar(continues on next page)- Collector
- Próinnséas Ní Shíodhcháin
- Gender
- Female
- Address
- Fearann na hAbhann, Co. Kerry
- Informant
- Siobhán Ní Shíodhcháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Address
- Fearann na hAbhann, Co. Kerry