School: Imleach Droighneach (roll number 14085)
- Location:
- Imleach Draighneach, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Imleach Droighneach
- XML Page 277
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Sa tseana shaoghal fadó bhíodh sé mar nós aca deachmhaí a dhíol go dtís na Ministrí.”
Sa tseana shaoghal fadó bhíodh sé mar nós aca deachmaí a dhíol go dtís na Ministrí. Cuir igcás dá mbeadh dachad leabaidh prátaí curtha. Caithfidís leath dhe a thabhairt dos na ministrí. Fear do mhuintear Shúileabháin a bhí na chómhnuidhe in nDoire Fhionáin gur bainm do Concubhar ní raibh uaidh aon deachma a dhíol. Lá amháin bhí sé ag gabháilt ó dheas go lóthar. Chuimnig sé ar olc. Isteach leis go bothán beag cínn tuighe a bhí ar thaobh an bhóthair. Greasaidhe de mhuintear Seaghdha a bhí ann. Do beannuigdear dá chéile. "Tá adhbhar airgid annso agam" ar seisean "An gcoimeádfhá dhom é go dtiocfhainn tar nais" ag tarrac stoca óir amach as a phóca. Im baiste! arsan greasaidhe ní coimeádfhad bféidir go togfaí uaim é agus cad é an leath sgeul a tabharfainn duit annsan. "An bfuil aithne agat ar Conchúbhar an Mhinistir a bhíonn ag bailiú na deachmaí" Cad é an sórt duine é. "Duine dán mureárach iseadh é." Chuala an ainm sin cheana air. "Táim ag dul ó dheas go Doire Fionáin agus tá fonn agus faitchíos orm" arsa Conchúbhar Ó Súileabháin. "Bheinn ana buideach díot dá gcoimeádfá dhom é. Anois arsan greasaidhe ná bíodh aon mí bhuidheacas agat orm(continues on next page)- Collector
- Nell Ní Fianactha
- Gender
- Female
- Age
- 15
- Address
- Ceann Eich, Co. Kerry
- Informant
- Sean Mairtin O Suilliobhain
- Gender
- Male
- Age
- c. 50
- Address
- An tImleach Mór, Co. Kerry