School: Imleach Droighneach (roll number 14085)
- Location:
- Imleach Draighneach, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín Ní Chonmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Imleach Droighneach
- XML Page 231
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí feirmeóir i mBéara uair go raibh macha breágh bhó aige.”
Bhí feirmeóir i mBéara uair go raibh macha breágh bhó aige. Tráthnóna mar seo deanach bhuail buachaill óg isteach chuige is d'iarr sé ostaideacht na h-oidhche air. Dubhairt go bhfagadh is fáilte. Do shuidheadar síos is bhíodar ag cainnt. Bhí bean an tighe agus a clann ag obair ar fuaidh an tighe agus bhí an traibhiléirí agus fear an tighe ag caint. Do fuair bean an tighe suipéar dóibh agus sé an suipéar a bhí aca ná min choirce is leamhnacht. Nuair a bhí an suipéar ithte aca bíodar ag cainnt dóibh féin arís.
Chuaidh bean an tighe agus duine dá h-ingeanacha i gcró na mbó agus nuair a tháinig sí isteach dubhairt sí le fear an tighe go raibh bhó amuigh sa chró agus gur dóigh léi ná féadfad sí dul i chodhladh in aon chor anocht go mbéarfadh an bhó "Má deineann féin" arsa fear an tighe "ní h-aon nídh é sin".
Cuaidh bean a' tighe agus a chlann cuadar a chodhladh is bhí an traibhiléirí is fear an tighe ag cainnt. "Seadh anois" adubhairt fear an tige leis an dtraibhiléirí, "tá leabaidh annso dhuit-se is téighir a chodhladh, mbféidir go bhfuileann tu tuirseach." "Níl aon tuirse orm-sa" dubhairt an traibiléirí agus ní fearr liom dul a codlad ná(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Chonmhuidhe
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Imleach Draighneach, Co. Kerry
- Informant
- Sean Mhártain Ó Súilliobháin
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- An tImleach Mór, Co. Kerry