School: Cathair Samháin

Location:
Cahersavane, Co. Kerry
Teacher:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha

Filter stories

Back
/ 392 Forward
Resolution: Low | High
Cathair Samháin | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 349

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Is aoibhinn dán draoithe is daimh
Sgaoilfear cách atá fe’n amadh
Chíofar Clár Uí Chaoimh gan spleadhchas
Fé lá le Sheághain tá’n báire casta.

Na Finghíní
Bhí Tadhg Ua Sheaghda agus a dhriotháir Seán go treán ar thaobh na bhFinghíní agus bhíodar páirteach san cath a buaileadh ag na Cealla le h-ais Cathair-Saidhbhín áit ar bhuaidh na Finghíní. Ag tagairt do’n bhuadh so agus ag moladh Thaidhg do sgríobh file – Diarmuid Ruadh na Bolgaí – a bhí ina chómhnaidhe sa gCaol i bParóiste na Dromad le linn an ama seo. Seo mar adubhairt:-

1.
Ar an gCaol nó i gaolmhar Íne
Tá an shéimh fhear breágh mín-tais gan cáim
Ramh chailce do mhaitheas na tíreamh
Is tá fuinneamh in-a croidhe is is in a cnámh
Is craobh cosanta pobal da bhuidhean é.
Is ní ghéillfeadh sé coidhche dá namhaid
Is dá léighfinn-se le h-éifeacht leabhar diadhachta
Ní fheudfainn cur síos ar a cháil.
11.

(continues on next page)
Informant
Muiris Ua Conaill
Gender
male
Occupation
feirmeoir
Address
Killeenleagh, Co. Kerry
Language
Irish