Scoil: Curraichín (B.) (uimhir rolla 15978)
- Suíomh:
- Curraheen, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Scothlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fianna ag deanamh an ruda san. Annsan chuir Diarmuid dhá phóla móra na seasamh agus chuir sé piosa iarainn go raibh faobhar air suas air. Léim Diarmuid os cionn an iarainn.Thugadar iarracht ar an rud ceadna do dheanamh. Do mhairbh sé an cuid eile de's na saighdiúirí mar sin ach amhain triúr. Do cheangail Diarmuid an triúr eile le na chéile. Connaic Fionn na saighdiúirí ceangailte le na chéile. Rith sé ó Suidhe Finn go Cnoc Fiacal agus d'fhuasgail sé iad. Annsan chuaidh Fionn isteach sa pholl a bhí ag dul isteach fé'n gcnoc. Connaic sé Diarmuid istig. Bhí fhios aige annsan gur bé Diarmuid a mhairbh na Fianna. Dubhairt sé le Diarmuid
"An fear maith tusa chun troid." Dubhairt sé gur bh'eadh. Dúbhairt Fionn léis an dtroidfeadh sé i gcoinnibh an Tuirc Allta ó Beann Bulban. Dubhairt Diarmuid go dtroidfeadh. Nuair a bhí an troid críochnuighthe bhí an t-ainmidhe marbh. Bhí Diarmuid gearrtha agus gonta ach ní raibh sé marbh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Donncad Ó hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Curraheen, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Máire Ní hEaluighthe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Curraheen, Co. Kerry