Scoil: Curraichín (B.) (uimhir rolla 15978)

Suíomh:
An Curraichín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Scothlaoich
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 628

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0472, Leathanach 628

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curraichín (B.)
  2. XML Leathanach 628
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí fear agus bean pósta le na céile. Do bhí leanbh aca. Do bhí an bhean goidthe agus gach oidhche tháinig sí chun biadh a thabhairt do'n leanbh. Ní fhaca an fear í ach do chlois an fear na daoine mór timcheall na h-áite á rádh go raibh a bhean ag teacht chun an tighe gach oidhche chun biadh a thabhairt don leanch. Dúbhairt duine leis "gan bheith na chódladh anocht". Agus nuair a tháinig an oidhche d'fhan sé sa leabhaidh agus ní raibh sé na chodhladh. Taréis tamaill san oidhche tháinig sí isteach chun biadh a thábhairt don leanbh. Chonnaic an fear í. An ceud lá in a dhiaidh san. Dúbhairt an duine leis. "Raghaidh tú go cros bóthair agus dein bogha agus faigh buidéal uisge beannuighthe agus nuair a bheidh sí ag teacht cuir an bogha mór timcheall uirthi agus caith an t-uisge beannuighthe mór timcheall an bhogha agus beidh sí agat. Aon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Seaghdha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Ristéard Ó Neachtain
    Seoladh
    An Curraichín, Co. Chiarraí