School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
Gortboy, Co. Kerry
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Buidhe
  2. XML Page 073
  3. XML “Bliain an tSneachta Mhóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Déirigheas go moch maidin amháin i mí Feabhra 1894 cun dul ar scoil. Chuireas síos an teine agus bhíos ag dul amach go dtí an tobar fé dhein canna uisce igcóir mo bhreicfeasta. D'osclas an doras agus thuit carn mór sneachta isteach i lár an úrláir. D'fheacas amach agus bhí an tír go léir clúduighthe le bráth bán.
    Chuadhas amach go dtí an tobar agus níor bh'fuirist an tobar do shroisnt mar bhí an sneachta trí troighthe ar aoirde agus ní rabhas ábalta mo chosa do tharraing aníos tré an sneachta doimin. Fuaireadas an buicéád uisce ámh, Thángas isteach, ghlanas amach an sneachta a bhí ar an úrlár. Do dúnas an doras arís.
    Chuireas an citeal ar an teine. Do deineas cupán tae agus d'ólas é. D'ullmhuigheas mé féin cun na sgoile. Níor cuadhas acht leath-an-slighe, Chuadhas go dtí an cros-bhóthar agus bhí falla mór sneachta treasna an bhóthair annsan, mar do bhailig an gaoth an sneachta in aon charn amháin annsan. Ní raibh duine ná daona amuigh acht mé féin agus iompuigheas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. frost and snow (~299)
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán Bean Mhic Gearailt
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Beaufort, Co. Kerry