School: Fearann Iarthach (roll number 14183)

Location:
An Fearann Iarthach, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 356

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0468, Page 356

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fearann Iarthach
  2. XML Page 356
  3. XML “Ranna Fáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Feárach naoscaig ar phortach na h-aimiléise

    * * * * *

    Chuir sagart ceist ar Eoghan Ruadh lá:-
    "Cá n-imthigheann an taoide nuair a thgann an lá?
    D'fhreagair Eóghan é ar a bpoinnte:-
    "San áit go dtéigheann an oidhche nuair a thagann an lá"

    * * * * *

    Bhí Eóghan Ruadh agus sagart ag siubhal trí choill lá agus chualadar dhá fhiadhach dubh ag gángalaig ós a gcionn ín airde:-
    "'N fheadar" ars an sagart, "cathin a thiocfhaidh a chainnt de'n bhfiadach dubh"
    Seo mar d'fhreagair Eóghan é:-
    Nuair a thiocfhaidh an míol mór ar a Maing
    Nuair a thiocfhaidh an Fhrainnc go Sliabh Mis
    Nuair a chaillfhaidh an sagart an sainnt
    Sin é an uair a thiocfhaidh cainnt de'n bhfiadach dubh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish