School: Drom Loiste (roll number 5113)

Location:
Drumlusty, Co. Monaghan
Teacher:
Seán Ó Maoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0932, Page 003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0932, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drom Loiste
  2. XML Page 003
  3. XML “Caisleán Mannan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ariamh an ór do tharraingt amach le greim do thabhairt ar an slabhra.
    Fuair an fear ag a raibh an áit, na capaill bhána, ach ar teacht chuig sruthán beag, tháinig eagla ar cheann de'n na capaill, chun an dheachracht sin do shárú, sé an rud a dhein duine de'n na giollaibh na léim ar dhroim an chapaill agus dul ar mharcuigheacht thar an sruthán, ag briseadh san gcuma sin ceann de's na bun riaghlacha a bhí ag baint leis an geallamhaint. Ní raibh fhios ag an mhaighistir gur thárla an rud sinagus nuair a ghléas siad na capaill taréis a lán duaidha agus oibre d'éirigh leo an pota óir do tharraingt comh fada le bárr an locha, acht ag an phoinnte sin bhris an slabhra agus thuit an pota óir go dtí an bun arís. Níorbh foláir an t-uisge a tharrangt amach as an loch ar fad chun teacht ar an ór annsin. Thug duine eile faoi sin do dhéanamh ach do rith an t-uisge comh mór sin gur líón sé gach poll is gleann bhí thart timpeall agus b'éigin do'n duine é a thabhairt suas agus do rith an t-uisge thart timcheall a thighe féin agus bhí an teach mar saghas oileáin agus ag an am céadna níor taosgadh an loch. Thug fear eile faoi'n loch do thaosgadh iar sin agus bhí an obair beagnach críochnuighthe aige ach chonnaiceadh fear ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Aodh Ó Dubhtaig
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Dundrockan, Co. Monaghan