School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Location:
Tonreagh Lower, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 314

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 314

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Page 314
  3. XML “Erc Bréanainn”
  4. XML “Uaimh Bhréanainn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do thaistil sé fé'n dúthaigh fá churam Naomh Eirc ag foghluim diadhachta agus rudaí diamhra an chreidimh. Tháinig siad go dtí an Paróiste seo agus tá sé ráidhte go raibh sé ag feitheamh leis sa charbad (nó pé gleus iompair a bhí aca) go dtiocfadh an Naomh tar nais chuige. Is annsan a tháinig chuige cailín aluinn - ingean do thoiseach a bhí sa comhursanacht. Do léim sí isteach sa charbad chun go mbeadh sí ag cainnt leis. Acht b'fhearr le Bréanainn comhluadar leabhar ná comhmluadar ban agus do bhuail sé an cailín go trom lé slait a bhí aige. Tá sé ráidhte gur imthigh sí abhaile ag gol. Do thuit an rud so amach inaice lé h-Uaimh Bhréandain: (Brendaniana).
    Mar pionós air dubhairt Naomh Erc leis go gcaithfeadh sé oidhche do chaitheamh i bpluais a bhí in-aice leo. Dubhairt Bréanann go gcaithfeadh go toiltheananch. Chuaidh sé isteach sa phluais nó san UAIMH, agus an fhaid is bhí sé ann bhí na salma 'á gcanadh aige; agus tá sé ráidhte go raibh solus iongantach sa spéir agus gur chualathas na h-Aingil ag canadh leis. Mar geall ar sin do tugadh UAIMH BHRÉANAINN ar an áit agus isé sin ainm ár scoile - cé go bhfuil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    English