Scoil: Curraigh (B.) (uimhir rolla 12066)
- Suíomh:
- Curry, Co. Sligo
- Múinteoir: Peadar Ó Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraigh (B.)
- XML Leathanach 0424
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann uair amháin agus Caipillín Gallobhachair an t-ainm a bhí air. Bhí sé in a chómhnuidhe i Sliabh Gamh. Nuair do bhíod na fir ag dul abhaile ó aonach agus dá mbéadh airgead aca ghoidfeadh Caipillín é. Bhí eagla ar gach duine a bhí i n-aice leis. Bhí gunna ag Caipillín agus aon duine nár thug an t-airgead dó, mharbhuigh sé é. Bhí bean ar aonac agus dhíol sé bó. Bhí eagla uirthi dul abhaile. Ṫug sí an t-airgead d’fhear agus thug an fear abhaile é. Nuair a bhí sé ag dul thar teach Caipillín, arsa Caipillín, “Tabhair dhom an t-airgead.” “Seo duit é!” arsa an fear. Ars an fear, “Sul a dtéighidh mé abhaile cuir cúpla piléir in mo chaipín, cuir cúpla piléir in mo chóta agus cuir piléar eile in mo chóta.” Annsin bhí na pilearaí imthighthe agus fuair an fear a airgead ar ais arís.
- Bailitheoir
- Seán P. Mac Stíbhín
- Inscne
- Fireann