Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 102
- XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tabharfaidh mé m’ingean duit anois le pósadh agus leath mo ríogachta, agus é go leir ó lá mo bháis amach”. “Táim ana bhuidheach díot, a dúbhairt Ubhall, ach bhfearr liom maireachtaint liom le m’athair. Tabhair dom bhuachaill iad”. “Gheobhaidh agus fáilte », adúbhairt an Seanduine bi[?]”.
Do deineadh an pósadh, agus annsan do ghluais Ubhall chun siúbhail, agus níor dhein sé aon stad go dtáinig sé go dtí an gleann mar a raibh a bhád. Bhuail sé buille dá Slaitín Draoidheachta ar chloich, agus d’eirig an Capall ‘s do léim sé thar an ngleann. Do bhuail bean annsan leis, agus dúbhairt sí gur b’í féin cailín aimsire bainriogan Oileáin an Uaignis, “agus tá sí sin anois”, ar sise, “ag baile i dtig t’athar, mar d’imig sí le do dhriotháracha. Do bhaineas-sa geallamhaint díobh gan í phósadh go marbhófaí Piast na locha deirge”, agus “Seabhac na Faille Fuaire” agus “Mada’r Alla na Coille Glaise” agus níl a marbhúsan ag éinne ach agat-sa. Mharbóchadh do chapall Piast na Locha Deirge; mharbhóchadh an colúr atá agam sa Seabhac na Faillefuaire, agus mharbhóchadh mo ghad[h]ar Mada’r Alla na Coille Glaise, agus tabharfad-sa iadsan duit. Beidh an áit fé dhraoidheacht go deo go dtógfair de é. N’fheadfadh do driotháracha aon nídh dhéanamh, mar níl an fuil Ríogh-uasal ionnta. Leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Dheada
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- P. O' Mórdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry