Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 013

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 013

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 013
  3. XML “Bealmúinteoiras ón Lios”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 13/168
    Bealoideas ón “lios”:
    “Nell Ceallacháin” a chómhnuig i “Lios-na-Caolbhuidhe” i bparoiste Bhreanndáin, a dhein an caoineadh seo dá céile (Jackie Rourke).
    Bhí “Siobhán d’Mórdha” cómharsa béal-doruis di ag éisteacht léithi oidhche an tórraimh. Níor thaithnig an caoineadh le Siobhán, toisc ná raibh sí féin ‘s “Nell” ró-mhór le na chéile roimis sin - bhíos caismirt cearc eatortha go minic - agus do bhris ar an bhfoighne ’ci is do fhreagair sí “Nell” i lathair a raibh istig.
    Nell:
    Mo ghrádh ’s mo rún thu!
    Bhís béasach ’s múinte
    Do thugais mé thar na tríucha,
    Agus is sinn’a bhí rúnach.
    Siobhán:
    Nár leigidh Dia dho an chúilfhionn!
    Do thug sé leis thar na tríucha,
    Ní raibh sí béasach ná múinte,
    Ach í a’bruighean leis an ndúthaig.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. O Loinsigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Rioghbhardáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lios na Caolbhuí, Co. Kerry