Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 176

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 176

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 176
  3. XML “An Scoláire Bocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Beirt scoláire a bhíodh ag gabháil timcheall. Oidhche bhíodar istigh i dtigh agus iad tugtha traochta amach ó bheith ag siubhlóid. Thug fear bocht éan dóibh, agus bhí an t-éan acu agus bhíodar cheanamhail air.
    Rug an t-éan ubh agus sé an rud a bhí ar an uibh scriobhta: "Aon duine a íosfaidh an croidhe agus na h-aedheanna go mbéadh sé 'na ŕí ar an áit".
    Pé áit 'na gcaithfidís an oidhche bhiodh airgead sa chúinne 'na ndiaidh. Sa tig na rabhadar oidhche áirighthe thug bean a' tighe an t-airgead fé ndeara is dubhairt sí leo teacht airís anocht. Tháinigheadar is d'fhanadar is gan fhios acu go raibh an t-airgead 'na ndiaidh sa chúinne.
    Nuair a shíneadar siar bhíodar curtha agus d'fhanadar chómh fada san ann go raibh sé déanach ar maidin. Thugadar fé ndeara go raibh airgead ina ndiaidh san áit agus bhí ionghantas mór ortha. Cad na thaobh go raibh an t-airgead ann, bhíodar a rádh le na chéile agus dheineadar amach gur thugadar an t-éan do'n mhnaoi a thug bheith istigh dóibh. Bhíodar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Uí Cheárnaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Daingean Uí Chúis, Co. Kerry