Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)traochta curtha ó'n gcéallachan agus chonnaiceadar scilléidín ag beirbhiú cois na teine. Dhein ceann acu suas fé dhéin an scilléidín agus sgiob an blúirín a bhí in áirde ar an bharra, ach cad a bhí ann ach an t-éan is a chroidhe.
Bhaineadar leó airís is iad ag imtheacht leó nó sa deire shroicheadar áit 'na raibh cruinniú mór. Bhíodar bailighthe ann ó'n gcomharsanacht mór dtimcheall agus iad ag iarraidh d'fhagháilt amach ciacu a bheadh 'na Rí. Sé an nós a bhí acu liathróidín do chaitheamh in áirde agus an té go dtuitfeadh sé ar a cheann bheadh sé in a Rí. Ghabhadar-seo timcheall agus d'fhanadar ag féachaint agus caitheadh an liathróidín suas agus thuit sé ar cheann an duine a ith croidhe an éin. Ní rabhadar sásta agus chaitheadar suas arís é agus thuit an rud céadna amach. Ní raibh muintir na h-áite sásta agus d'imthigheadar abhaile an oidhche sin ag rádh go socrochthaí amáireach é.
Lá'r bhárach bhailigheadar airís is thosnuigh an crann-chur. Caitheadh an liathróidín suas, ach má caitheadh thuit sé airís ar cheann an scoláire bhoicht. B'éigean dóibh géilleadh annsan agus fuair sé bheith 'na Rí ortha agus ar an áit. Bhí sé ag déanamh go maith, bhí síothcháin insan áit, iasc ins na h-aibhntibh, meas ar na crannaibh is barra ins na gortaibh. Bhiodh daoine ag teacht ó Shasana is ó thíorthaibh eile ag foghluim léighinn uaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Uí Cheárnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí