Scoil: Ceann Trá (Ventry) (uimhir rolla 15592/3)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Múinteoir: D. Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cluiche Peile agus Iomána.
Timcheall trí fichid bliain ó shoin do bhíodh cluiche peile idir dhá pharóiste nó dhá bhaile nó uaireanta do bhíodh cluiche idir dhá thaobh de'n pharóiste.
Sa pharóiste seo do thosnuíghidís taréis Aifrinn in áit éigin de'n pharóiste agus chuiridís ortha na sean éadaíghe a bhíodh ortha gach lá. Do bhídís ag dul leis an liathróid tríd an pharóiste agus fir , mná, agus leanbhaí 'á leanamhaint trí portacha, gleannta, agus páirceanna. Dá dtuiteadh aoinne ní dhéanfaidís ach é fhágailt ansan. Dá dtuiteadh aoinne san uisge ní dhéanfaidís ach an t-uisge a chaitheamh air. Deirtear gur fear ó Lios-Póil a thóg an liathróid uair ó Pharóiste FionnTrágha agus níor buaileadh sa pharóiste seo é go dtí maidin laé Nodhlaig 'na dhiaidh san aríst .
Do deineadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Ciobháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Liaigh, Co. Kerry