Scoil: Na Gleannta
- Suíomh:
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry
- Múinteoir: Ss. Ó Conchabhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)424phairc agus d'fhan a mháithir i bhfollac tamall uaidh agus bhí sí ag tabhairt gach rud fé ndeara.
D'fan Fionn Mac Cumhail tamall á dtabhairt fé ndeara. Nuair a ghaibh an liathróid chuige do bhuail sé le na chamán é agus chuir sé ar an dtaobh eile den ghort é. Rith sé go dtí an taobh eile agus bhí se ann sar a raibh an liathróid ar an dtalamh. Thógh sé lé buille eile é agus chur sé ar an taobh eile arís é. Dhein sé é sin cúig nú sé nuaire i ndiaidh a chéile. Stad na daoine go léir ag faire air agus bhí iongnadh mór ortha nuair a chonnacadar é. Ní raibh aithne ag aoinne air. Dubhradar lé na chéile go mbearr breith air agus é marbhughadh mar dá leigfí do go dtí go mbeadh sé na fear nach fios cad a d'éanfhadh sé.
Chúalaidh sé ag caint iad agus léim sé thar chlaidhe na páirce agus chuir sé do có tapaidh agus dféadfhadh sé. Ritheadar na dhiaidh ach má dheineadar ní fhéadaidís radharc a choimeád air. Ar a slighe abhaile tháinigh sé suas lé na mháthair. Dúbhairt sí léi go rabhradar in a dhiaidh agus dá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Kerry