Scoil: Scoil N. Bríde
- Suíomh:
- Baile na nGall, Co. Kerry
- Múinteoir: Síle Granville
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Bríde
- XML Leathanach 302
- XML “Scéal an tSasanaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí an-eagla ag teacht ar an mbúachaill agus chuaidh sé go dtí an sagart beag a bhiodh ag siubhal ar an bprotastúnach chun a sceil do innsint do. Do bhí an mhillean ag an sagart air i dtaobh aon cuir-isteach do chuir an an "bfear", "agus tá eagla orm" ars an sagart "gur baoghalach duit."
Thug an sagart buidéal uisce coisreacan don mbuachaill agus dubhairt se leis tri bhoghaisin de'n uisce coisreacan do dheanamh lasmuigh do.
Do thug an sagart árus beag go mbiodh an Comaoine istig ann do'n mbuachaill agus dubhairt sé leis dá gcuirfeadh an "fear" an tarna boghaisín do chun teacht chuige, an t-áras do thógaint na choinnibh.
D'imigh an buachaill agus tháinig sé fein agus an "fear" le chéile arís. Bhi maistín ar gach taobh de'n "bfear" agus teine dearg trína dhá súil amach. Do cuireadar diobh an tarna boghaisín agus annsan do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siobhán Ni Murchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry