Scoil: Scoil N. Bríde

Suíomh:
Baile na nGall, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Síle Granville
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 278

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 278

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Bríde
  2. XML Leathanach 278
  3. XML “Árthach an tSalainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Fuaireas an cúnntas so o Máireud, Bean P. Mic Eoin, Baile na nGall)
    Tamall mor o soin thainig árthach salainn isteach i gCuas na Ceanainne. An oidhche sin bhí soillse 'á feicsint taob amuigh den gcnoc agus ní raibh fhios ag einne cas a bhí ann. Ar maidin thainig fear isteach i dtig i mBaile na Boc. Bhí bean an tighe ag adhaint na teine. D'feuch sí ar an bhfear agus níor aithnig sí é. Bhí se ag cainnt agus ag cainnt agus níor fhead sí aon fhocal do thuigsint mar labhair sé i dteangain iasacht.
    Glaoidh si ar a fear agus chuaidh se sin ag cainnt leis an stróinséar. Bhagain an stróinséar a lámh i dtreo an chnuic. Aithnigh an fear annsan gur ártac eigin a bhí caite i dtír taob amuigh de'n chnoc.
    D'imthig sé amach agus glaoidh se ar fearabib an bhaile cun dul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máireud bean P. Mic Eoin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na nGall, Co. Chiarraí