School: Scoil N. Breandán

Location:
Baile na nGall, Co. Kerry
Teacher:
Tadhg Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 219

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 219

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Breandán
  2. XML Page 219
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    A Mhuiris Uí Chúill mo mhíle léan thú.

    A Mhuiris Uí Chuíll mo mhíle léan thú
    Is tú an Dochtúir díocht do bhíodh ag leigheas gach aoinne
    Do fúairis-se power agus grásta an Aon Mhic
    Agus sé mo chumha ró mhór mar is luath do d'éagais.
    Ba bhreá liom tú i'd sheasamh ar faitche nú ar bhínse
    Nó ag léigheamh an Aifrinn i bpobal Dhúnchaoin thiar
    Nú ag fiadhach led chapall ar bharra na duidhche
    Cé go bhfuartha mar tú i mbaile cois taoide.
    Ba bhreágh liom id sheasamh tú ar maidin san éide
    Do dhá shuil ghlasa ag teasbaint lé na chéile
    Do dhá chrobh geala ba chailce na ndiaidh sin
    Agus iad go h-órnáideach ag tógáil an Cuirp Naomtha.
    Lé línn do mhairbh thainig t-athair ad fhéachaint
    Is do dhrifiúirín ubhal bhí go h-uaigneach taobh leat
    Ad shíne suas i suan gan faoiseamh
    Agus rosc do shuil dá dhúnadh i naomfheacht.
    Níor b-aon ionghnadh liomsa dá ndúnfadh na spéartha
    Is go nionpóchadh an ghrian siar tar Eirinn
    Is go dtuitfeadh na cnuic anúas ar na sléibhte
    Ins an áit úd mar cailleadh an sagart breág naomhtha
    Bhí an t-Athair Seán O Cathasa go grádhmhail séimh duit
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Bheaglaoí
    Gender
    Female
    Address
    Baile na bhFionnúrach, Co. Kerry