School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chroidheach ag déanamh ar chrosaire agus í go huaigneach nuair a labhair an guth.
"A inghean óig, éist éist. Sé do bheatha atá ann. Crot suas tú féin. Féach rómhat na trí cloichíní, prioc suas iad. Chuir i dtaisge iad. Nuair a thiocfhaidh an t-ainmhidhe chun tú itheadh caith cheann leis. Nuair a thiocfhaidh sé an dara huair caith ceann eile leis agus an tríomhad uair éireóchaid sé suas na phrionsa. Béarfhaidh sé boróg ort. Tabharfhaid sé don chúirt tú. Caithfir cúpla bliadhain innte. Posfair annsan é."
Tháinig misneach ar an gcaillín. Chuaidh sí ar aghaidh. Nuair a shrois sí an chúirt, cuiread fáilte roimpe. Cuiread go dtí an dtig í. Leath uair nó mar sin d'eirig an t-ainmhidhe. Tháinig faitíos uirthi. D'éirig sé an dara huair chaith sí an dara cloch leis agus chuaidh ar(continues on next page)