School: Dealgain (roll number 11770)

Location:
Dalgin, Co. Galway
Teacher:
Breandán Ó Riain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0041, Page 022

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0041, Page 022

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dealgain
  2. XML Page 022
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí buachaill ann fadó agus bhíodh sé ag fuireach amuigh ins an oidhche ag imirt chártai agus bhíodh a mháthair a rádh leis i gcomhnaidhe nach ceart dó bheith ag fuireach amuigh chomh deireannach ach ní raibh aon aire aige uirthí agus lean se air. Bhí sé ag teacht abhaile oidhche agus bhuail sochraid leis ach ní raibh ach triúr faoin gcomhnra. Leagadh an comhnra ó's a chómhair ar an mbothar agus tháinig fear i leith chuige "Cá rabhas go dtí an t-am seo d'oidhche"? ars an fear leis "Bhíodh ag imirt chártai" ars an buachaill. "Bí istigh annseo faoin
    gcomhnra" ars an fear "is mór an náire dod' leithéid a bheith ag siubhal an bhóthair agus sinne marbh ag an obair seo".
    Chuaidh an buachaill faoin gcomhnra mar ceathramhadh duine agus bhí eagla mór air. D'imthigeadar leo agus bhíodar ag imtheacht agus ag imtheacht gur ghlaodh an coileach. Leagadh an comhnra
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mrs Burke
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Carnanthomas, Co. Galway