School: Dealgain (roll number 11770)
- Location:
- Dalgin, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Riain

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0041, Page 135
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dealgain
- XML Page 135
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bhí muilneór in na chómhnaide in Éirinn leis féin i dteach beag i gcoill mhóir. Bhí an sean-fhear an crosta agus bhíodh sé ag troid lé daoine gach lá. Oidhche amháin tháinig sean-bhean isteach go dti a theach. Bean aosta a bead í agus dubhairt sí leis go raibh a dhearbharair marbh in Americá. Níor chreid an sean-fhear an bhean. Sídheóg a beadh í. Dubhairt sí leis arís go raibh a dhearbharair marbh. Fuair an sean-fhear bata a bhí inaice an dorais agus dubhairt sé leí. "Bí ag dul as seo go marbhuig mé thú leis an bata mór seo". Níor imthigh an sídheóg. Tamall in a dhiaidh sin chuaidh sé amach as a theach agus dubhairt sí leis an sean-fhear nuair bhí sé ag dul amach. "Beidh tú go h-an tinn
ambhárach adeir sí. Nuair a tháinig am mhaidin bhí an sean-fhear go h-an tinn agus bhí sé tinn as sin amach agus níor bhuail sé ar aon duine as sin agus bhíodh se ag smaoineadh ar an sídheóg i gcómhnaidhe.- Informant
- Mícheál Ó Lochlainn
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cloonagh, Co. Galway