School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 550
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní bhíodh ag cuid de na daoine ach dhá bhéíle san ló agus bhíodh trí beile ag cuid eile. An bricfeasta agus an dinneár an t-ainm a bhíodh ar an dá cheann, agus an suipéar an t-ainm a bhíodh ar an gceann eile.Bhíodh fataí ag cuid de na daoine ag an mbricfeasta agus uaireannta bhíodh ortha na fataí a bhaint, agus a nigheacháin, agus a bhruith roimh a mbricfeasta.Bhí fear ar an gCeathramhadh Garbh fadó agus sé an t-ainm a bhí air, Micheál Ó Flaithbheartaigh agus bhíodh ualach raithnighe bainte aige sul a n-itheadh sé a bhricfeasta gach lá.Uaireannta bhíodh leite acu le h-aghaidh an bhricfeasta. Théígheadh fear a' tighe nó bean a' tighe amahc chuig an chruach coirce agus thugaidís isteach punann nó cúpla punann coirce agus bhuailidís é chun an gráin a bhaint as. Annsin mheillidís é le bróínte agus bhíodh leite déanta de ag fear a' tighe nó bean a tighe sul a n-éirigheadh an chuid eile de'n liont-tighe.Bhí fear ar an mbaile seo fado ariamh agus bhí fear eile i n-a chomhnuidhe i nDuachta,(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway