School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 551
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus cailleadh é an lá seo agus ní raibh ach tuairim ceithre teach eile i n-aice leo chun an corp d'iompar chuig teach phobail na Fáirce agus chuig an uaigh agus mar sin cuireadh fios ar an bhfear a bhí ar an mbaile seo dul amach chun congnaimh a thabhairt dóibh an corp d'iompar. D'éirigh sé ar an bpoinnte. Thosuigh sé ghá réidhteach féin ach ní raibh aon biadh sa teach aige. Thosuigh sé ghá bhearradh féin agus chuaidh a bhean amach agus thóg sí punann
ó chruaich agus thug sí teine dó ar lic an teallaigh. Nuair a bhí an tuighe dóighte bhí an gráine cruadh. Rinne sí leite agus bhí sé bruithte nuair a bhí an fear reidh chun é d'ithe. D'íth sé an beile agus d'iompar sé an corp chuig an bhFáirche, agus níor ith ná níor ól sé tada go dtí go dtáinig sé abhaile arís.
Bhíodh an bord, i lár an chistinigh ag cuid de na daoine agus i n-aice an bhalla i gcuid de tighthe. Bhíodh arán déanta de mhin-coirce ag na daoine uaireannta agus bhíodh dá sort eile acu. 'Boxty' a tugtaoi ortha. Déantaoi sort aráin as fataí bruithte agus salann agus plúr measgaidhthe le chéile.
Déantaoi arán eile as na fataí a bhí sgríobtha fáisgithe. Measgtaoi le plúr agus(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway