Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. Galway
- Múinteoir: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Fáirche
- XML Leathanach 448
- XML “Coitín Rúin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheatha do na cearcaibh ar maidin chonnaiceadar í. Tugadar "Cóitín Rúin mar ainm uirthi. Nuair a bhí cúpla lá caithte aice thugadar isteach sa bpalás í
Bí inghean ag an ríg agus bí sí thuas ar bharr an pháláis ag déanamh lása ach nuair chuaidh sí amach ag siubhal d'éaluigh Cóitín Rúin isteach agus thosuigh sí ag déanamh an lása. Tháinig inghean an Riogh agus bhí sí ar buille agus dfhiafruigh sé de na cailíní aimsire cé rinne é Dubhairt na cailíní nach raibh fhios aca ach dubhairt sí dá ndéanaidís arís é go gcaithfidh siad an teach a fágáil.
An chéad lá eile a chuaidh sí amach ag siubhal rinne "Coitín Rúin" an rud céadna. Nuair tháinig inghean an Ríogh abhaile bhí sí ar buille agus dubhairt sí go gcaithfidh na cailíní aimsire an palás a fágáil. Dubradar go raibh cailín amuigh agus b'feidir gurbh í a rinne é. Dubhairt sí leo í do thabhairt isteach. D'innis Cóitín Rúin gurbh í a rinne an lása. D'iarr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. Galway